WelcomeTo My World

Monday 8 July 2013

Amhrán na gCupán - When I'm gone as Gaeilge



Íoslódáil leagan MP3: http://bit.ly/cupan

Amhrán na gCupán
Laoibhse Ní Nualláin agus co.
600 rannpháirtithe idir scolairí agus foireann
Curiarracht dhomhanda - go bhfios dúinn

Tá an ticéad a'am don bhealach fada
Dhá bhuidéal uisce don turas
Is ba bhreá liom cara a bheith in éindí liom
Mé ag fágáil amárach, mbeidh tú liom?

Nuair 'tá mé imithe
Nuair 'tá mé imithe
Aireoidh tú uait mé 's gan mé ann
Aireoidh tú uait mé 's mo aoibh
Aireoidh tú uait mé 'chuile
thaobh
Ó, aireoidh tú uait mé 's gan mé ann

Tá an ticéad 'am don bhealach fada
Tá an saol mór ag fanacht liom
Measc na sléibhte, taobh na habhann
Ait a bhíonn an t-aer breá úr
Beidh sé i bhfad níos deiseleat a stóir

Nuair 'tá mé imithe
Nuair 'tá mé imithe
Aireoidh tú uait mé 's gan mé ann
Aireoidh tú uait mé 's me ag caint
Aireoidh tú uait mé 's mé ag seinnt
Ó, aireoidh tú uait mé 's gan mé ann--

No comments:

Post a Comment